Seirbhísí Gaeilge

Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil do chainteoirí Gaeilge ag Prospect Law. Is cainteoirí Gaeilge iad thart ar 30% dár gcliaint. Tá Gaeilge líofa ag Colm agus Ruadhán. Tá an-taithí ag Colm agus Ruadhán seirbhísí dlí a thabhairt trí mheán na Gaeilge sna hábhair seo a leanas:

Uachtanna agus Probháid

Má scríobhann tú uacht, cinntítear go ndéanfar do mhaoin a dháileadh de réir do mhianta féin, agus go gcosnófar do shócmhainní ó aighneas, dlíthíocht agus tobhaigh, sa mhéid is féidir. Má fhaigheann tú sainchomhairle maidir leis an dréachtú, cinnteofar nach dteipfidh ar d’uacht, rud a chuirfeadh d’eastát i mbaol. Is gá uachtanna a athbhreithniú ó am go ham freisin chun margaí atá ag athrú sna hamanna suaite seo agus athruithe ar chánachas agus ar reachtaíocht chomharbais a léiriú. D’fhéadfadh riachtanais sláinte atá ag athrú tionchar a bheith acu ar uachtanna reatha freisin, sa chás gurb éigean do dhaoine dul i muinín luach an tí teaghlaigh chun a riachtanais chúraim a mhaoiniú, rud a laghdódh luach na sócmhainne. Déanann Prospect Law sainchúram d’uachtanna a dhréachtú agus a athbhreithniú le bheith oiriúnach dá gcliaint, chun nádúr a sócmhainní a léiriú agus freagairt dá riachtanais féin.

Ceannach Talún

Má tá tú ag smaoineamh ar réadmhaoin a cheannach nó a dhíol, ba cheart go mbeadh gach gné den cheannach nó den díol go huile agus go hiomlán soiléir duit sula síneoidh tú conarthaí. Is é an mionchruinneas a tharraingíonn clú ar ár seirbhísí réadmhaoine agus tíolactha ag Prospect Law. Cé nach féidir moilleanna a sheachaint uaireanta, cuirfidh ár gcuid taithí agus saineolais sa réimse seo deifir le d’idirbhearta réadmhaoine agus laghdóidh siad moilleanna.

Dlí an Teaghlaigh

Tá athrú suntasach tagtha ar an dearcadh i dtaobh an teaghlaighle blianta beaga anuas. Go dtí 2013, breithníodh gurbh é a bhí i gceist leis an teaghlach traidisiúnta, de réir mar a chumhdaítear i mbunreacht na hÉireann é, ná lánúin phósta heitrighnéasach. Tá athrú tagtha ar an dlí, áfach, de bharr athruithe ar an tsochaí. Sa lá atá inniu ann, tá dearcadh níos leithne ann anois i dtaobh an teaghlaigh, toisc gur ceadaíodh na reifrinn ar chearta leanaí agus ar an gcomhionannas pósta. Níl cosc ann a thuilleadh ar na cearta céanna teaghlaigh a bheith ag lánúineacha comhghnéis is atá ag lánúineacha heitrighnéasacha. Is dearcadh é, an dearcadh nua-aimseartha seo i dtaobh an teaghlaigh, a chuireann cearta dlíthiúla agus leas an linbh ag croílár an phróisis dhlíthiúil, an áit ar cheart dóibh a bheith.

Dlí Poiblí

Is dlíghnólacht dinimiciúil pobalbhunaithe é Prospect Law a chuireann seirbhísí ardchaighdeáin dlí ar fáil i ngach réimse den dlí sibhialta; díobháil phearsanta, dlí teaghlaigh, idirbhearta réadmhaoine, oidhreacht, probháid agus dlí bunreachtúil sanáireamh. Tá fasaigh dlí bunaithe ag ár gcásanna suntasacha iomráiteacha agus luaitear iad go forleathan i dtéacsanna dlí. Idir dhaoine singile, teaghlaigh agus ghnólachtaí beaga, cuireann ár gcomhairleoirí dlí a bhfuil taithí acu comhairle luachmhar dlí ar fáil ar fud réimse saincheisteanna.

An Ghaeilge agus an Bunreacht

Dlí bunreachtúil (cliceáil ar: Léann Airteagail 8 den Bhunreacht mar seo a leanas:

1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. 2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile. 3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.

Is foráil chumasúcháin é Airteagal 8.3 a cheadaíonn, agus nach gcuireann mar dhualgas, forálacha dlí a ghlacadh, trí Acht nó ar shlí éigin eile, d’fhonn ceachtar den dá theanga a úsáid chun críoch oifigiúil amháin nó níos mó ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.)

Sa chás Ó Murchú v An Taoiseach, a thóg Colm MacGeehin ar son an dlíodóra Pól Ó Murchú, dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach go bhfuil dualgas bunreachtúil ann Rialacha na Cúirte, ar a n-áirítear gach leasú, foirm agus innéacs a ghabhann leo, a chur ar fáil i nGaeilge don Uasal O Murchú, ina cháil mar dhlíodóir, a luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla.

An tOrdaitheach Bunreachtúil

Tá riachtanas nó ordaitheach fadbhunaithe bunreachtúil ann nach féidir caitheamh leis an nGaeilge in aon chomhthéacs oifigiúil i dtéarmaí nach bhfuil chomh fabhrach leis an dóigh a gcaitear leis an mBéarla. In Ó Beoláin v. Fahy dúirt Hardiman Brmh:

Ó tharla téarmaí Airteagal 8, agus an polasaí oifigiúil dátheangachais a bhfuil an Stát geallta dó, caithfidh an Stát úsáid ceachtar den dá theanga a éascú gan idirdhealú.

In Ó Maicín v. Éire [2014] 4 I.R. 477 ag lgh 572-4 dúirt Ó Néill Brmh (O’Donnell Brmh ag aontú leis) maidir le cearta teanga cainteoirí Gaeilge agus ar dhualgas comhréireach an Stáit:

Is é mo thuairim gurb é caighdeán neamh-fhéidearthachta a bheadh sa chaighdeán nó an tástáil a chuirfí i bhfeidhm sa chás go bhféachann an Stát le foráil i leith úsáid na Gaeilge a sheachaint, nó i bhfocail eile go mbeadh sé dodhéanta, ag cur na gcúinsí faoi leith san áireamh, foráil a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge arna lorg ag saoránach.

Is é sin le rá nach féidir leis an Stát nó le Roinn Rialtais droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge ach amháin nuair atá úsáid na Gaeilge dodhéanta sna cúinsí atá i gceist.

Dúirt Hardiman Brmh, a bhí sa mhionlach in Ó Maicín v. Éire maidir leis an toradh ach a bhí sa mhóramh maidir leis an mbrí atá leis an Ordaitheach Bunreachtúil ag lch 512:

Ar an gcéad dul síos, cuirtear oibleagáid ar na cúirteanna leis na focail in Airteagal 8 chun caitheamh leis an nGaeilge mar an teanga náisiúnta agus mar an bpríomhtheanga sa dlí agus i bhfíric. Ní ardmhian é go simplí, ar nós ‘toil dhiongbháilte’ chun daonra iomlán oileán na hÉireann a aontú, arna léiriú in Airteagal 3. Is ráiteas é Airteagal 8 ar an staid reatha sa dlí. Ní rogha é sin a rinne na cúirteanna: tá sé forchurtha leis an mBunreacht.

Seasann na cúirteanna leis an teagasc seo i gcónaí agus cuireann siad i bhfeidhm é. Dúirt Ní Raifeartaigh Brmh san Ard-Chúirt in Ó Cadhla v. An tAire Dlí agus Cirt [2019] IEHC 503, mír 5.

ní féidir breathnú ar an seasamh oifigiúil seo atá ag an teanga mar iarsma uaillmhianach seanchaite den smaointeoireacht agus den chultúr a bhí ann sa bhliain 1937; mar ghlac Éire bearta gníomhacha le déanaí chun stádas na Gaeilge a ardú laistigh den Aontas Eorpach. An 13 Meitheamh, 2005, chomh-aontaigh Comhairle Airí an Aontais Eorpaigh le hiarratas na hÉireann ar stádas oifigiúil oibre iomlán a dheonú don Ghaeilge agus le Rialachán ón gComhairle 1/1958 leasaíodh Rialachán (CE) 920/2005 ón gComhairle chun an Ghaeilge a áireamh mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh … Is díol spéise é go n-áirítear sna haithrisí don Rialachán go raibh ‘béim’ ag Éirinn ina hiarratas gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn.

Ag tagairt do na sleachta thuas de chuid Hardiman agus Uí Neill Brúna (lenar aontaigh O’Donnell Brmh) deir sí ag mír 57:

Leagann ráitis bhreithiúnacha dá leithéid maidir le seasamh na Gaeilge sa Bhunreacht béim ar a thábhachtaí atá sé déileáil leis an teanga le meas agus ar a chinntiú nach ndéantar iad siúd ar mian leo an teanga a úsáid i ndéileálacha oifigiúla leis an Stát a chur faoi mhíbhuntáiste. Tugann siad le fios freisin go bhfuil sé gceist le hAirteagal 8 go mbeadh ról gníomhach seachas ról géilliúil ag an Stát maidir leis an teanga. […]

Seirbhísí eile

Cearta othair

Tá cearta bunreachtúla agus dlí ag chuile dhuine a úsáideann na seirbhísí sláinte, bídís ina mná ag baint feidhm as na seirbhísí máithreachais nó ina ndaoine ag baint leas as na seirbhísí meabharshláinte. Caithfidh na húdaráis sláinte agus lucht leighis na cearta seo a urramú.

Tá Prospect Law ag baint cearta othair amach do chliaint le 40 bliain. Má cheapann tú gur deineadh sárú ar do chearta mar othar, thig linn sainchomhairle a chur ar fáil duit.

I measc na gceart othair a airíonn an Chairt Eorpach um Chearta Othair tá: fáil ar chóir choisctheach, saor in aisce más gá; urraim do reiligiúin, luachanna agus eitneacht; eolas chun toiliú (nó diúltú) do chóir; rogha tástála, córa agus soláthraí; príobháideachas agus rúndacht; urraim d’am (an othair); fáil ar sheirbhís atá ar ardcháilíocht, sábhailte, nuálach agus pearsantaithe; faoiseamh ó phian gan ghá; agus cead chun gearán a dhéanamh.

Tá cearta a éiríonn as faillí gcóir leighis nó easnaimh i gcomhairle dochtúra ann leis. Féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal cúiteamh as sárú ar do chearta nó as cóir nár shroich an caighdeáin cuí. Maidir le toiliú, mar shampla, tá sé de cheart agat glacadh nó diúltú do chóir, agus tá tú i dteideal eolas a fháil maidir le contúirtí agus fo-iarsmaí na tástála nó na córa, agus faoi thástáil nó cúram malartach.

Creideann Prospect Law i gcearta othair, féinriar san áireamh. Má shíleann tú go bhfuil sárú déanta ar bhealach ar bith ar na cearta seo, déan teangmháil linn, le do thoil: déanfar do chás a mheas saor in aisce thar chomhchomhairle uaire.

Seirbhísí máithreachais agus faillí leighis

Ceann de na himeachtaí saoil is mó do bhean ná breith linbh: ba chóir go mbeadh sí lánsásta leis an taithí. Ní i gcónaí a bhíonn máithreacha in Éirinn sona sásta, áfach, mar a léiríonn rátaí dúlagar iarbhreithe. Ní i gcónaí a bhíonn dea-thoradh ar an imeacht.

Tá Prospect Law ag baint cearta othair amach do mháithreacha le 40 bliain.

Ni féidir díobhálacha a sheachaint an t-am ar fad: an nádúr is cúis leo uaireanta. Ach in amanna, tugtar cúram do bhean atá faillitheach. Gortaítear an leanbh uaireanta toisc gur baineadh mí-úsáid as ocsatóicin – hormón a úsáidtear go minic chun an luí seoil a dheifriú – a bhfuil contúirt loite inchinne, faoi choinníollacha áirithe, ag baint leis don pháiste. Bealach eile ina dtig leis an bhfoireann leighis dochar a dhéanamh ná nuair a theipeann orthu anacair féatais a aimsiú, agus cóir, ar nós gearradh Caesarach, a chur ar fáil go tráthúil.

Má gortaíodh thú nó do pháiste go fisiciúil nó go síceolaíoch, mar thoradh ar sheirbhís ospidéil nó cúram pobail, féadfaidh sé go mbeidh éileamh agat in éadan an tsoláthraí chuí. Ní gá go rachaidh éileamh den chineál seo chuig PIAB (an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta); thig leis an éileamh dul díreach chun na cúirte.

Má tá tú chun tús a chur le héileamh, caithfear an chéad chéim a ghlacadh go iondúil taobh istigh de dhá bhliain ó dháta an imeachta. Chomh maith le tuairiscí dochtúra faoi do ghortuithe, éileofar tuairisc dhliteanais ó saineolaí oiriúnach, a mheasfaidh cé acu an raibh an cúram a fuair tú faillitheach nó nach raibh. Tá sé tábhachtach chomhairle dlí a fháil maidir leis an tuarascáil seo; cinnteoidh Prospect Law go n-aimseofar na saineolaithe is fearr chun do chás a chruthú.

Céard iad na seirbhísí a sholáthraíonn Prospect Law?

  • nótaí ospidéil agus comhad dochtúra teaghlaigh a aimsiú agus a fháil;
  • tuairiscí leighis a choimisiúnú agus a fháil;
  • cuidiú chun foirmeacha PIAB a chomhlánú;
  • tús a chur le cás dlí más gá;
  • sainchomhairle a thabhairt duit an bealach uilig tríd, ag chuile chéim den phróiseas.

Cá fhad a thógfaidh sé?

Tógann sé tamall uaireanta chun éileamh a fhiosrú, ach ní gá go gcuirfí moill ar leith ar an bpróiseas. Tá sé mar pholasaí ag Prospect Law déileáil le héilimh faille leighis go tráthúil. Gheofar do thaifid leighis, aimseofar saineolaí cuí, beirfear treoir dó nó di, agus gheofar tuairisc dhliteanais i do chás taobh istigh de cheithre mhí ó gheobhaimid céadtreoracha uait.

Beidh sé soiléir cé acu ar chóir tús a chur le himeachtaí dlí nó nár chóir ag an staid seo. An chéad chéim ná toghairm díobhála pearsanta a thógail amach agus a sheirbheáil ar na cosantóirí. Bíonn 10 seachtaine acu chun cosaint a chur ar fáil. Má theipeann orthu, is féidir foriarratas a chomhdú sa chúirt chun iachall a chur orthu cosaint a sholáthar: tugtar trí nó ceithre seachtaine dóibh go hiondúil chun é seo a dhéanamh.

Is féidir an cás a liostú chun trialach ag an staid seo, má tá sé réidh, nó dul i mbun cainteanna chun é a shocrú.

Cé mhéad a cosnóidh sé?

Tabharfaimid meastachán duit ansin ar tháillí agus cinnteoimid go ndéanfar do chás a ionchúiseamh go héifeachtach.

Díobhálacha cloigne agus tubaistí eile

Thig le díobhálacha cloigne, muiníl, dromlaigh nó díobhálacha tubaisteacha eile do shaol a athrú. Cé nach féidir tubaiste a sheachaint uaireanta, tarlaíonn timpistí atá inseachanta in amanna ina mbíonn locht ar pháirtí amháin nó níos mó, a dhéanann díobhálacha tromhchúiseacha.

Tá Prospect Law ag baint cearta amach do chliaint a ndearnadh díobhálacha tubaisteacha dóibh le 40 bliain. Má cheapann tú go bhfuil éileamh agat, thig linn sainchomhairle a chur ar fáil duit.

Má tá tú ag cuimhneamh ar éileamh a dhéanamh, ba cóir tús a chur leis sa ghnáthshlí laistigh istigh de dhá bhliain ó dháta na timpiste. Má bhaineann d’éileamh le díobháil a d’eascair as timpiste bhóthair, caithfear éileamh a dhéanamh go hiondúil ar PIAB (an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta), móide tuairisc dochtúra. Stopann an t-éileamh an clog (féach Díobhálacha timpiste bóthair).

Déanfaidh PIAB an t-éileamh a mheas agus cuirfidh an Bord na cosantóirí ar an eolas faoi. Tá cead acusan glacadh nó diúltú le measúnú PIAB. Má ghlacann siad leis, eagróidh PIAB luacháil leighis ar luach do cháis. Má dhiúltaíonn tú (nó iadsan) don tairiscint seo, tabharfaidh PIAB cead duit go hiondúil dul chun na cúirte. Tosóidh an clog ag rith (arís) sé mhí tar éis do PIAB an cead seo a thabhairt duit.

Má bhíonn tú sa riocht go gcaithfidh tú glacadh nó diúltú le measúnú PIAB nó le tairiscint ó chosantóir, tá sé tábhachtach meastachán a fháil ar fhíorluach do cháis. Glacann an luacháil seo measúnú ceart leighis agus comhairle dlí chuí. Má dhiúltaíonn tú do thairiscint, tá tú i dteideal do chás a thógáil ar aghaidh chun na cúirte.

Céard iad na seirbhísí a sholáthraíonn Prospect Law?

  • nótaí ospidéil agus comhaid dochtúra teaghlaigh a aimsiú agus a fháil;
  • saintuairiscí a choimisiúnú agus a fháil;
  • cuidiú chun foirmeacha PIAB a chomhlánú;
  • tús a chur le cás dlí más gá;
  • sainchomhairle a thabhairt duit an bealach uilig tríd, ag chuile chéim den phróiseas.

Cá fhad a thógfaidh sé?

Tá sé mar pholasaí ag Prospect Law déileáil le héilimh den chineál seo go tráthúil. Gheofar do thaifid leighis, aimseofar saineolaí cuí, tabharfar treoir dó nó di, agus gheofar tuairisc dhliteanais uaidh nó uaithí laistigh de cheithre mhí ó gheobhaimid céadtreoracha uait.

Glacann sé seacht mí ar an meán chun éileamh a phróiseáil ón uair a thoileoidh an cosantóir glacadh le measúnú PIAB. Mura dtéann an luacháil seo ar aghaidh, tabharfaidh PIAB cead duit chun cás dlí a thógáil.

Sa chás nach mbaineann PIAB leis an gcás, nó go dtugann PIAB cead duit cás a thógáil, caithfear toghairm díobhála pearsanta a thógáil amach agus a sheirbheáil ar na cosantóirí. Bíonn 10 seachtaine acu chun cosaint a chur ar fáil. Má theipeann orthu, is féidir foriarratas a chomhdú sa chúirt chun iachall a chur orthu cosaint a sholáthar: tugtar trí nó ceithre seachtaine dóibh go hiondúil chun é seo a dhéanamh. Is féidir an cás a liostú chun trialach ag an staid seo má tá sé réidh, nó dul i mbun cainteanna chun é a shocrú.

Cé mhéad a cosnóidh sé?

Tabharfaimid meastachán duit ansin ar ár dtáillí agus cinnteoimid go ndéanfar do chás a ionchúiseamh go héifeachtach.

Díobhálacha timpiste bóthair

Má bhíonn tú gortaithe i dtimpiste bhóthair mar phaisinéir nó mar thiománaí, féadfaidh sé go mbeidh éileamh agat ar chomhlacht árachais an tiománaí a bhí freagrach as an timpiste. Thig le duine a bheith i ndroch-chaoi tar éis a bheith gortaithe i dtimpiste bhóthair, ach ní gá go mbeidh strus ná deacracht ag baint leis an bpróiseas chun cúiteamh cóir a bhaint amach.

Tá Prospect Law ag baint cearta amach do chliaint le 40 bliain. Má rinneadh díobháil phearsanta duit ag eascairt ó thimpiste bhóthair, thig linn sainchomhairle a chur ar fáil duit.

Cén uair agus conas ba chóir éileamh a dhéanamh?

Caithfear éileamh a bhaineann le timpiste bhóthair a dhéanamh ar PIAB (an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta) taobh istigh de dhá bhliain ó dháta na timpiste. Stopann an t-éileamh an clog (an teorainn ama dhá bhliain). Caithfear Foirm A a líonadh agus a chur chuig PIAB chun an t-éileamh a dhéanamh, móide an táille chuí agus tuairisc dochtúra.

Tá sé tábhachtach comhairle dlí a fháil maidir leis an tuarascáil. Caithfear tuairiscí leighis leanúnacha a chur ar fáil le héilimh den chineál seo go hiondúil, agus uaireanta bíonn gá le saintuairiscí eile. Cinnteoidh CLEACHTAS DLÍ go n-aimseofar na saineolaithe is fearr chun do chás a chruthú.

Éilíonn iarratas ar dhamáistí speisialta i gcóir, mar shampla, billí leighis, drugaí nó caillteanas ioncaim, foirm eile. Déanfaidh PIAB an t-éileamh a mheas agus iarrfaidh an Bord ar na cosantóirí páirt a ghlacadh sa phróiseas. Má dhiúltaíonn siad, tabharfaidh PIAB cead duit dul chun na cúirte.

Má ghlacann na cosantóirí le measúnú PIAB, déanfaidh an Bord an t-éileamh a thomhas, agus beirfear tairiscint duit dá réir. Tá tú i dteideal glacadh leis an tairiscint nó diúltú di. Má diúltaíonn tú di, beidh tú i dteideal do chás a thógáil chun na cúirte.

Céard faoi leanaí?

Caithfidh tuiste nó caomhnóir éileamh maidir le timpiste bhóthair a bhaineann le leanbh a dhéanamh ar a shon. Caithfidh litir ón tuismitheoir nó ón gcaomhnóir a bheith mar chuid den éileamh ar PIAB nó an chúirt, ag deimhniú go bhfuil siadsan sásta gníomhú mar ‘chéad chara eile’ don pháiste.  

Caithfidh an chúirt aon mheasúnú nó socrú atá molta do leanbh a cheadú. Tá sé dlite don chúirt glacadh lena leithéid nó diúltú di.

Céard a tharlaíonn má tá an tiománaí atá freagrach as an timpiste gan árachas nó gan aithint?

Cuireann MIBI (Biúró Árachóir Mótar na hÉireann) cúiteamh ar fáil do dhuine ar bith a gortaíodh i dtimpiste bhóthair ina raibh an tiomanaí gan árachas nó gan aithint, a fhad is a chomhlíontar coinníollacha an Bhiúró.

Má ghortaítear thú i dtimpiste ina raibh an tiománaí gan árachas nó gan aithint, caithfear an Biúró a chur ar an eolas ar an toirt. Cuirfidh siad tús le fiosrúchán trí theagmháil a dhéanamh leis na gardaí cuí chomh luath is a gheobhaidh siad an fhoirm cheart comhlánaithe. Ainmníonn an Biúró árachóir chun ghníomhú ar a shon go hiondúil. 

Má bhíonn tú i dteagmháil le rannóg éileamh an árachóra, caithfidh tú a chuimhneamh gurb é an cuspóir atá ag an gcomhlacht ná éileamh a shocrú ar phraghas maith di féin, rud nach bhfuil, b’fhéidir, chun do leasa.

Tá taithí leathan ag Prospect Law ar éilimh maidir le timpiste bhóthair de gach cineál a bhainistiú, bíodh siad bainteach le paisinéirí nó tiománaithe i gcarranna, veaineanna, gluaisrothair, leoraithe nó busanna. Cinnteoidh Prospect Law go ndéanfar d’éileamh a láimhseáil go héifeachtach ar chostas réasúnta.  

Sa chás go dtugann PIAB cead duit chun cás dlí a thógáil, caithfear toghairm um dhíobháil phearsanta a thógail amach agus a sheirbheáil ar na cosantóirí. Bíonn 10 seachtaine acu chun cosaint a chur ar fáil. Má theipeann orthu, is féidir foriarratas a chomhdú sa chúirt chun iachall a chur orthu cosaint a sholáthar: tugtar trí nó ceithre seachtaine dóibh go hiondúil chun é seo a dhéanamh. Is féidir an cás a liostú chun trialach ag an staid seo má tá sé réidh, nó dul i mbun cainteanna chun é a shocrú.

Céard iad na seirbhísí a sholáthraíonn Cleachtas Dlí?

  • nótaí ospidéil agus chomhaid dochtúra teaghlaigh a aimsiú agus a fháil;
  • saintuairiscí a choimisiúnú agus a fháil;
  • cuidiú chun foirmeacha PIAB a chomhlánú;
  • tús a chur le cás dlí más gá;
  • sainchomhairle a thabhairt duit an bealach uilig tríd, ag chuile chéim den phróiseas.

Cá fhad a thógfaidh sé?

Tá sé mar pholasaí ag Prospect Law déileáil le héilimh den chineál seo go tráthúil. Gheofar do thaifid leighis, aimseofar saineolaí cuí, tabharfar treoir dó nó di, agus gheofar tuairisc dhliteanais uaidh nó uaithí laistigh de cheithre mhí ó gheobhaimid céadtreoracha uait.

Glacann sé seacht mí ar an meán chun éileamh a phróiseáil ón uair a thoileoidh an cosantóir glacadh le measúnú PIAB. Mura dtéann an luacháil seo ar aghaidh, tabharfaidh PIAB cead duit chun cás dlí a thógáil.

Sa chás nach mbaineann PIAB leis an gcás, nó go dtugann PIAB cead duit cás a thógáil, caithfear toghairm um dhíobháil phearsanta a thógail amach agus a sheirbheáil ar na cosantóirí. Bíonn 10 seachtaine acu chun cosaint a chur ar fáil. Má theipeann orthu, is féidir foriarratas a chomhdú sa chúirt chun iachall a chur orthu cosaint a sholáthar: tugtar trí nó ceithre seachtaine dóibh go hiondúil chun é seo a dhéanamh. Is féidir an cás a liostú chun trialach ag an staid seo má tá sé réidh, nó dul i mbun cainteanna chun é a shocrú.

Cé mhéad a cosnóidh sé?

Tabharfaidh Prospect Law comhchomhairle uaire duit saor in aisce chun buanna do cháis a phlé. Tabharfaimid meastachán duit ansin ar ár dtáillí agus cinnteoimid go ndéanfar do chás a ionchúiseamh go héifeachtach.

Díobháil san ionad oibre

Thig le timpistí san ionad oibre tarlú faoi choinníollacha éagsúla, agus thig leis an díobháil a eascraíonn uathu a bheith ar bheagán dochair, tromchúiseach, nó fiú, go tragóideach, marfach.

Má tá tú chun éileamh díobhála pearsanta a dhéanamh a bhaineann leis an ionad oibre, caithfear an chéad chéim a ghlacadh go iondúil laistigh de dhá bhliain ó dháta na timpiste, faoi Reacht na dTréimhsí. Caithfidh gach éileamh den chineál seo dul chuig PIAB (an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta): stopann an t-éileamh an clog.

Caithfear Foirm A a chomhlánú agus a chur chuig an mBord, móide tuairisc dochtúra agus an táille cuí. Tá sé tábhachtach comhairle dlí a fháil maidir leis an tuarascáil. Caithfear tuairiscí leighis leanúnacha a chur ar fáil le héilimh den chineál seo go hiondúil, agus bíonn gá le saintuairisc ina ndeirtear go raibh na cleachtais oibre baolach. Té sé ríthábhachtach comhairle dlí a fháil chun na saineolaithe cuí a fháil.

Éilíonn iarratas ar dhamáistí speisialta i gcomhair, mar shampla, billí leighis, drugaí nó caillteanas ioncaim, foirm eile. Déanfaidh PIAB an t-éileamh a mheas agus cuirfidh an Bord na cosantóirí ar an eolas faoi. Má dhiúltaíonn siad do mheasúnú PIAB, tabharfaidh an Bord cead duit dul chun na cúirte. Má ghlacann na cosantóirí le measúnú PIAB, áfach, déanfaidh an Bord an t-éileamh a thomhas, agus tabharfar tairiscint duit dá réir. Tá tú i dteideal glacadh leis an tairiscint nó diúltú di. Má dhiúltaíonn tú di, beidh tú i dteideal do chás a thógáil chun na cúirte. Tosóidh an clog ag rith (arís) sé mhí tar éis do PIAB an cead seo a thabhairt duit.

Tá taithí 40 bliana againn ar éilimh a bhaineann le timpistí a bhainistiú, ar láithreacha ar nós suíomhanna tógála, monarchana, ospidéil, príosúin, ionaid coinneála ógánach, éasáin bhóthair agus iarnróid, siopaí, óstáin, bialanna, tithe tabhairne agus araile. Cinnteoidh Prospect Law go ndéanfar do chás a ionchúiseamh go héifeachtach ar chostas réasúnta agus go n-aimseofar na saineolaithe is oiriúnaí chun do chás a chruthú.

Céard iad na seirbhísí a sholáthraíonn Prospect Law?

  • nótaí ospidéil agus comhaid dochtúra teaghlaigh a aimsiú agus a fháil;
  • tuairiscí leighis a choimisiúnú agus a fháil;
  • cuidiú chun foirmeacha PIAB a chomhlánú;
  • tús a chur le cás dlí más gá;
  • sainchomhairle a thabhairt duit an bealach uilig tríd, ag chuile chéim den phróiseas.
  • fíorluach do cháis a mheas, bunaithe ar mheasúnú ceart leighis agus taithí na mblianta

Cá fhad a thógfaidh sé?

Tá sé mar pholasaí ag Prospect Law déileáil le héilimh den chineál seo go tráthúil. An chéad chéim ná éileamh a dhéanamh chuig PIAB. Gheofar do thaifid leighis, aimseofar na saineolaithe cuí, tabharfar treoir dóibh, agus gheofar tuairiscí dliteanais uathu laistigh de cheithre mhí ó gheobhaimid céadtreoracha uait.

Glacann sé seacht mí ar an meán chun éileamh a phróiseáil ón uair a thoileoidh an cosantóir glacadh le measúnú PIAB. Mura dtéann an luacháil seo ar aghaidh, nó mura nglacann tú le tairiscint, tabharfaidh PIAB cead duit cás a thógáil.

Caithfear toghairm um dhíobháil phearsanta a thógail amach agus a sheirbheáil ar na cosantóirí ansin. Bíonn 10 seachtaine acu chun cosaint a chur ar fáil. Má theipeann orthu, is féidir foriarratas a chomhdú sa chúirt chun iachall a chur orthu cosaint a sholáthar: tugtar trí nó ceithre seachtaine dóibh go hiondúil chun é seo a dhéanamh. Is féidir an cás a liostú chun trialach ag an staid seo má tá sé réidh, nó dul i mbun cainteanna chun é a shocrú.

Cé mhéad a cosnóidh sé?

Má éiríonn le d’éileamh, íocfaidh na cosantóirí formhór na gcostas dlí agus costais eisíoctha, nó iad uilig. Ba chóir go mbeadh táillí dlí bunaithe ar obair atá déanta amháin. Ní foláir a fhios a bheith agat nach bhfuil cead ag aturnae céatadán a lorg d’aon dámhachtana. Lorgóidh Prospect Law na bunchostais a bhaineann le saintuairiscí agus eisíocaíochtaí eile amháin agus iad ag deileáil le d’éileamh. Cinnteoimid go ndéanfar do chás a ionchúiseamh go héifeachtach agus féachaimid chuige go bhfaighidh tú an toradh is fearr gan stró, gan strus, ar d’éileamh.